7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/132


Airteagal 191

(sean-Airteagal 174 CCE)

1.   Rannchuideoidh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

sláinte an duine a chosaint;

acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach;

bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh athrú aeráide.

2.   Beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí, clásal cosanta a údaróidh do na Ballstáit bearta sealadacha a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe ag an Aontas a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.

3.   Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an tAontas san áireamh:

a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;

dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla an Aontais;

na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;

forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine agus forbairt chothromúil a chuid réigiún.

4.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh rialacha mionsonraithe chomhar an Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.